Tá sé ionann is cinnte go mbeidh páirtí ón eite fhíordheis i gceannas san Iodáil den chéad uair ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann, nuair a dhúnfaidh na botháin vótála anocht. Tá pobal na hIodáile ag vótáil ón 5 ar maidin i gceann de na holltoghcháin is tábhachtaí le blianta fada.

Sí Georgia Meloni, ceannaire an pháirtí Fratelli d'Italia - Bráithre na hIodáile - is dóiche a bheidh ina príomh-aire - an chéad uair ag bean sa phost sin i stair na hIodáile.

Tá comhaontú idir a páirtísan agus an Lega faoi cheannas an iar leasphríomh-aire Matteo Salvini agus Forza Italia faoi cheannasaíocht an bhilliúnaí Silvio Berlusconi. Dhírigh feachtas Meloni, 45 bliain d'aois as an Róimh, ar an teachtaireacht go bhfuil sí ionchurtha le ceannasaíocht agus treoir a thabhairt do phobal na hIodáile, ainneoin nach raibh a páirtí i gcumacht ariamh roimhe seo.

Dio, Patria e Famiglia

Dia, tír agus teaghlach na trí mhór chúiseanna atá i manna toghchánaíochta agus fealsúnachta Fratellii d'Italia. Tá ceangal stairiúil ag an pháirtí leis an ghluaiseacht iar-fhaisisteachais a bhunaigh lucht tacaíochta an deachtóra Benito Mussolini, agus cé go bhfuil Meloni i ndiaidh a cuid tuairimí a mhaolú cuid mhaith le roinnt blianta, samhlaíonn muintir na hIodáile í go fóill leis an idé-eolaíocht sin.

Tá sí tarraingthe siar beagán ón éileamh a rinne sí go bhfágfadh an Iodáil córas airgeadra an Euro, ach tá sí tréamanta ina tuairimí maidir le saoirse a bheith ag an Iodáil diúltú do dhlithe na Bruiséile agus maidir le cosc a chur ar imirceoirí áirithe theacht isteach sa tír. Níl théann sí ar chúl sceiche ach oiread lena barúlacha faoi "lucht feachtasaíochta an phobail LADT" ná an "idé-eolaíocht airdill" mar a thugann sí air ná go deimhin "an foréigean a bhaineann le Ioslam."

Creideann daoine ar an eite eile den pholaitíocht san Iodáil go ndéanfar cúngú ar chearta daoine má thugtar cead réime do Meloni, ar an ghinmhilleadh mar shampla.

Tá a leathbhádóirí Salvini agus Berlusconi ag seoladh na bhfarraigí céanna - tá Salvini ar aon intinn léi maidir le ceist na n-imirceoirí as an Afraic agus tá seisean le cur ar a thriail maidir lena chinneadh cead a dhiúltú do longa tarrthála imirceoirí theacht le cé san Iodáil nuair a bhí sé ina Aire Gnóthaí Baile 2018-2019.

Creideann Salvini agus Meloni gur cheart go mbeadh cead ag an Iodáil fónamh de réir a leasa féin seachas géilleadh do rialacha na Bruiséile. Deir siad go ndéanfaidh siad féin agus Berlusconi margadh úr leis an Bhruiséil a chinnteoidh tuilleadh airgid don tír sa bhreis €200bn atá ag teacht chucu as ciste téarnaimh iar-Chovid na hEorpa. Tá Salvini ag tarraingt go minic le gairid ar fhealsúnacht Viktor Orban san Ungáir agus an manna céanna ag Orban is atá ag Fratelli d'Italia - creideamh Críostaí traidisiúnta a chosaint, teorainneacha na tír a dhaingniú agus an teaghlach ina chloch choirnéil sa sochaí.

Tá sé molta ag Meloni go n-ísleofaí na rátaí cánach ar theaghlaigh mhóra, agus tá an port céanna ag Salvini. Deir siad go laghdóidh siad cánacha pearsanta agus go méadóidh siad caiteachas poiblí, beag beann ar an méid a chosnóidh na beartais sin.

Is cinnte go mbeidh ceannairí na Bruiséile ag coinneáil súil ghéar ar thorthaí an toghcháin seo inniu agus ar an idirbheartaíocht a leanfas é as seo do mbunófar Rialtas i ndeireadh mhí Dheireadh Fómhair.