Bhí na mílte i láthair ag agóid i mBaile Átha Cliath tráthnóna lena míshásamh faoin chostas maireachtála a chur in iúl.
Is iad an Chomhghuaillíocht ar Chostas Maireachtála a d'eagraigh an léirsiú ó Chearnóg Pharnell go Cearnóg Mhuirfean.
Tá ceardchumainn oibrithe agus macléinn ag tacú leis an Chomhghuaillíocht, chomh maith le cuid de pháirtithe an fhreasúra - Sinn Féin, Pobal Seachas Brabús agus na Daonlathaigh Sóisialta.
Níos luaithe inniu dúirt an Tánaiste Leo Varadkar go dtuigeann sé cad chuige a bhfuil daoine i mbun agóide mar gheall go bhfuil a bpá á chreimiú ag an gcostas maireachtála atá ag ardú as éadan.
Dúirt Leo Varadkar go bhfeicfidh daoine beartais an-suntasacha ón Rialtas i mBuiséad na seachtaine seo chugainn.
Beidh toradh na mbeartas sin ina bpócaí taobh istigh d'achar gearr seachtainí, a dúirt an Tánaiste.
Comh maith le beartais aon-uaire ón Rialtas, dúirt Leo Varadkar go mbeidh cúnamh ar fáil do dhaoine i rith na bliana seo chugainn.