Bhuail tiománaí ag bhí ag iarraidh éalú ó na Póilíní trí charr de chuid an PSNI i gCo. Thír Eoghain aréir.

Bhí na Póilíní ag fiosrú tuairisce go raibh duine ag tiomáint faoi thionchar an óil in aice le Baile na Lorgan sa chontae. Nuair a chuaigh siad chuig seoladh roinnt mílte ar shiúl i gCo. Fhear Manach, rinne fear 25 bliain d'aois iarracht éalú uathu i dtarracóir.

Bhuail sé faoi thrí charr de chuid an PSNI leis an tarracóir.

Gabhadh an tiománaí níos moille maidir le h-iarracht dúnmharfa.