Tá bonn óir eile curtha lena dtaisce ag na rámhaithe Paul O'Donovan agus Fintan McCarthy inniu ó d'éirigh leo comórtas céasla dúbailte éadrom-mheáchain na bhfear a bhuachan i Racice i bPoblacht na Seice.

Bhí an bheirt chun deiridh i ndiaidh 700 méadar ach mar is minic leo, ní raibh siad ach ag luí isteach ar an obair agus níorbh fhada go raibh siad chun cinn ar a gcéilí comhraic.

Seo an cúigiú bonn óir Domhanda ag an Donnabhánach agus an dara ceann aige le Fintan McCarthy ó bhain siad an chéad bhonn le chéile ag na Cluichí Oilimpeacha.

Bhain siad ceann cúrsa amach in am de 06:16.46 i bhfad chun cinn ar an Iodáil (06:19.11) agus an Úcráin (06:19.53).