Bhí beagnach 500 duine páirteach i Rá Snámha Bliantúil na Life i mBaile Átha Cliath ar maidin
Shnámh na hiomaitheoirí 2.2 ciliméadar den abhainn fríd lár na cathrach ó Dhroichead Rúraí Uí Mhóra in aice le Grúdlann Guinness chomh fada le Cé Theach an Chustaim.
Ba seo an 102ú bliain an ócáid a bheith ar siúl agus bhí ar na snámhaithe dhul faoi aon cheann déag de dhroichid, Droichead na Leathphingine agus Droichead Uí Chonaill ina measc.
Bhí 194 bean agus 298 fear páirteach sa chomórtas.
Sí Melissa Corbally ó Chumann Snámha Mháistrí NAC i mBaile Átha Cliath a bhuaigh rás na mban.
Is é Ken Dent ó Chumann Snámha Bhaile Átha Cliath a bhain rás na bhfear.
Bhí Aonad Díghalraithe Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath ar an láthair le citheanna fuara a chur ar fáil do na h-iomaitheoirí.