Tá bonn cré-umha buaite ag Margaret Cremen agus Aoife Casey sa chomórtas céasla dúbailte éadrom-mheáchan i gCraobhchomórtas Rámhaíochta an Domhain.
D'éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar fhoireann na Fraince leis an tríú háit a bhaint amach.
Bhí na buaiteoirí, foireann na Breataine i bhfad chun cinn ar na foirne eile i rith an ráis agus ba iad foireann na Stáit Aontaithe a fuair an bonn airgid.
Ach ba í an choimhlint idir Éire agus an Fhrainc don bhonn cré-umha a chorraigh an slua a bhí i láthair. Bhí an dá fhoireann gob ar ghob agus chun cinn ar a chéile roinnt mhaith uaireanta sular éirigh le foireann na hÉireann na Francaigh a shárú.