Tháinig cúlú idir mí Iúil agus Mheán Fómhair ar an ráta ag a bhfuil praghas tithe i mBaile Átha Cliath ag méadú - sin de réir an eolais is déanaí atá curtha ar fáil ag na ceantálaithe DNG.
Léiríonn athbhreithniú DNG ar mhargadh aonaid cónaithe go dtáinig méadú de 6.4% ar an méan phraghas ar theach athláimhe idir Eanáir agus Meán Fómhair i mbliana, i gcomparáid le 9.9% sa tréimhse go dtí mí na Nollag anuraidh.
Léiríonn an Rianaire Praghas Tithe gur mhéadaigh luach na n-áitreamh athláimhe faoi 0.4% sa tríú ráithe.
Deir DNG gurb é seo an leibhéal is ísle de mhéadú ráithiúil le beagnach dhá bhliain.
An méadú a thiocfaidh ar an stoc tithíochta an fómhar seo, an maolú ar an éileamh ó aimsir an Chovid agus ardú ar na rátaí úis, is cúis leis an gcúlú sa ráta a dúirt Stiúrthóir Taighde an chomhlachta Paul Murgatroyd.
Bhí an treocht seo le feiceáil i bpraghsanna árasáin sa chathair chomh maith - léiríonn na figiúirí méadú de 4.4% ar an mheán luach sa bhliain go dtí mí Mheán Fómhair, i gcomparáid le méadú de 7.4% sa bhliain go dtí mí na Nollag anuraidh.
Deir DNG gur méadú sa líon aonad tithíochta athláimhe atá ar díol, ceann de na toscaí is mó a bhfuil tionchar acu ar an chothromú seo, mar go bhfuil ardú 25% ar líon na n-aonad cónaithe atá ar díol i mBaile Átha Cliath seachas mar a bhí bliain ó shin.
Maoin athláimhe a bheith á ndíol de bharr go bhfuil tiarnaí talún ag imeacht as an margadh cíosa, is cúis leis seo go cinnte, a dúirt an comhlacht DNG.