Gheobhadh gach duine atá ag saothrú níos lú ná €70,000 sa bhliain íocaíocht chun cuidiú leo lena gcostas fuinnimh, faoi na moltaí don bhuiséad atá foilsithe ag Sinn Féin.
Tá an páirtí sin ag moladh gur chóir go n-íocfaí idir €100 agus €500 le daoine, ag brath ar an teorainn ioncaim atá acu. Ba chóir liúntas leanaí dúbailte a íoc le daoine i mí Dheireadh Fómhair freisin, a dúirt siad.
Beartais ar luach €4.1bn atá fógartha ag Sinn Féin, mar chuid dá moltaí maidir le costais mhaireachtála. Is éard atá ag croílár an phlean sin ná moladh chun costais leictreachais a laghdú ar ais chuig an gcostas a bhí orthu an samhradh seo caite, agus iad a choimeád ag an bpraghas sin go dtí Feabhra 2023.
Deir an páirtí gur chóir don stát cúiteamh a íoc leis na comhlachtaí leictreachais as an difir idir na praghsanna.
Deir Sinn Féin go bhféadfaí an barrachas €4.5bn atá tuartha ag an gComhairle Fhioscach Chomhairleach don bhliain seo a úsáid chun a bplean a mhaoiniú.
Tá Sinn Féin ag moladh €9.4bn a chaitheamh i 2023; i bhfad níos mó ná an €6.7bn atá molta ag an rialtas.
I measc na n-arduithe eile atá molta acu, bheidís ag íoc €17.50 sa mbreis sa tseachtain le daoine a fhaigheann leas sóisialach agus €15 sa mbreis le daoine a fhaigheann an pinsean stáit.
Maidir le cúrsaí cánach, díríonn Sinn Féin ar an Muirear Sóisialta Uilíoch ina bplean don bhuiséad.
Molann siad nár chóir d'aon duine a thuilleann níos lú agus €24,134 sa mbliain an muirear a íoc.
Ba chóir ráta cánach ar leith de 3% a ghearradh ar dhaoine a shaothraíonn breis agus €140,000 sa bhliain, a deir siad.