Léiríonn tuarascáil de chuid an Gharda Síochána go raibh baint ag drochíde baile le fórmhór na ndúnmharuithe agus na gcásanna dúnorgana anuraidh.

Tá sé ráite ag na Gardaí gur "cor cinniúnach" é an taighde seo atá déanta ar fhoréigean ar bhonn-inscne.

Bailíodh an t-eolas a ndearnadh anailís air ó chóras PULSE na nGardaí. Léiríonn sé gur idir 2020 agus 2021, go raibh ardú 399% ar líon na gcoireanna gnéis go raibh baint ag drochíde baile leo.

I 2021, cuireadh tuairisc faoi bhráid na nGardaí maidir le 817 coir gnéis go raibh baint ag drochíde baile leo; sa mbliain 2020, fuair na Gardaí 205 tuairisc dá leithéid.

Deir na Gardaí gur ón mbliain 2021, gurbh éigean dóibh - i gcás coireanna gnéis - eolas a sholáthar don chóras PULSE maidir leis an gcaidreamh idir an té a ionsaíodh agus an té a bhfuil an t-ionsaí curtha ina leith. A bhuíochas leis an athrú seo ar an gcóras PULSE, a deir siad, bhí siad in ann i bhfad níos mó de na cásanna seo a aithint ina gcuid taighde.

Ag tús na paindéime, láinseáil na Gardaí Oibríocht Faoiseamh chun tacaíocht a chur ar fáil d'íospartaigh drochíde baile.

Léiríonn an taighde a foilsíodh inniu gur leanaí iad 11% de na daoine a dúnmharaíodh idir 2019 agus 2021.

Léirítear ann freisin gur ar leanaí a rinneadh 60% de na hionsaithe gnéis a bhfuair na Gardaí tuairisc fúthu idir 2019 agus 2021. Ach baineann cuid mhór de na cásanna sin le daoine fásta a ionsaíodh san am atá caite.