Tá sé fógartha ag Flogas Energy go bhfuil siad le hardú eile a thabhairt i bhfeidhm ar a bpraghsanna gáis agus leictreachais ón mí seo chugainn.
Ó 26 Deireadh Fómhair, tiocfaidh ardú 17% ar bhillí leictreachais a gcustaiméirí agus tiocfaidh ardú 23% ar a mbillí gáis.
Seo é an tríú ardú ar phraghsanna atá fógartha ag Flogas Energy i mbliana agus beidh billí leictreachais a gcustaiméirí - ar an meán - €340 sa mbliain níos daoire dá bharr agus beidh billí gáis €395 níos mó.
Deir Flogas Energy go mbaineann na harduithe ar phraghsanna leis an méadú ollmhór atá ag teacht ar phraghsanna mórdhíola gáis.
Tá thart ar 30,000 custaiméir ag Flogas Energy. Deir siad go dtiocfaidh ardú ar phraghas a n-aonad fuinnimh amháin. Ní bheidh ardú ar bith ar tháillí seasta, a deir siad.