Tá breis agus 77 duine tar éis bás a fháil de bharr a mbáite nuair a chuaigh bád inimirceach go tóin poill amach ó chósta na Siria, i ndiaidh dó an Liobáin a fhágáil níos luaithe an tseachtain seo.
Tá sé ráite ag Aire de chuid na Liobáine, Ali Hamiye, go dtángthas i dtarrtháil ar fhiche duine san fharraige agus go bhfuil cóir leighis á cur orthu in ospidéal sa tSiria. Tá na seirbhísí éigeandála fós i mbun cuardaigh.
Tá ardú mór agus tobann tagtha le trí bliana anuas ar líon na ndaoine atá ag dul ar imirce ón Liobáin i bhfianaise an chúlú eacnamaíochta sa tír sin. Tá go leor daoine ansin beo bocht dá bharr.
Deir na húdaráis sa tSiria gur thug siad faoi ndearna iarnóin inné go raibh coirp ar snámh san fharraige amach ó chósta Tartus.
De réir tuairiscí atá tugtha ag na daoine a tháinig slán i ndiaidh na heachtra, d'fhág an bád Minyeh i dtuaisceart na Liobáine Dé Máirt agus bhí suas le 150 ar bord. B'í an Eoraip a bhí mar cheannscríbe acu.