Tá an chuid dheireanach den sciar a bhí ag an stát i mBanc na hÉireann díolta aige.

Dúirt an tAire Airgeadais, Pascal Donohoe, gur cloch mhíle thábhachtach é seo ó thaobh aidhmeanna an rialtais a bhaint amach, is é sin, go mbeadh an earnáil bhaincéireachta ina hiomláine mar chuid den earnáil phríobháideach in athuair.

Cuireadh tús le plean chun scaireanna an rialtais a dhíol roinnt míonna ó shin agus tríd an bproiséas sin, tá €841 tuillte ag an stát.

Díoladh na scaireanna is déanaí ar €6.17 in aghaidh na scaire.

"Nuair a d'fhógair mé an plean seo chun ár scaireanna a dhíol", a dúirt an tAire Donohue, "thug mé le fios gur chóir go mbeadh an earnáil phríobháideach ag plé le baincéireacht, mar go bhfuil oiread riosca ag baint léi. Tá sé ceart agus cóir, mar shin, go nglacfadh an stát sealbh arís ar na cistí a úsáideadh i dtús ama chun teacht i dtarrtháil ar na bainc. Agus go n-úsáidfí na cistí sin ar mhaithe le leas na gcáiníocóirí."

D'íoc an stát €4.7bn chun teacht i dtarrtháil ar Bhanc na hÉireann. In iomlán, faoin tráth seo, tá €6.7bn faighte ar ais ag an stát i ndiaidh a sciar deireanach a dhíol.

Tugadh pacáistí foirlithinte do na bainc idir 2009 agus 2011 le linn an chúlú domhanda.

Tá neamhspleáchas anois ag bainistíocht Bhanc na hÉireann a gcuid cinntí féin a dhéanamh. Ní fios go fóill, áfach, an mbeidh srianta i bhfeidhm go fóill ar phá na n-oibrithe agus na hardbhainistíochta.