Beidh reifreann ar siúl inniu i gceithre réigiún atá faoi smacht na Rúiseach san Úcráin. Tá ceist le cur ar na pobail iontu ar mhaith leo a bheith mar chuid den Rúis.

Tá cáineadh déanta ag an bpobal idirnáisiúnta ar na reifrinn, áfach, ag rá gur iarracht atá iontu cuid den Úcráin a ionghabháil go mídhleathach. Níl féidir aon mhuinín a bheith ag an Iarthar as an toradh, mar tá ceannairí domhanda den tuairim gur léir cheana féin céard a tharlóidh. Deir an tIarthar agus an Úcráin nach dtabharfaidh siad aitheantas ar bith do na torthaí.

D'fhógair oifigigh de chuid na Rúise sna ceantracha sin Dé Máirt seo caite go ndéanfaí na reifrinn seo a ghairm. Tá baol ann go n-éireoidh cúrsaí níos measa i bhfianaise na reifreann seo mar d'fhéadfadh an Rúis na torthaí a úsáid mar chúis chun a cuid arm núicléach a úsáid lena "teorainneacha féin" a chosaint.

Is iad Luhansk, Donetsk, Kherson agus Zaporizhzhia na réigiúin a gcaithfear vótaí iontu. Is ionann na réigiúin sin agus 15% de chríocha na hÚcráine. Beidh an vótáil ar siúl go dtí Dé hAoine.

Le linn na míosa seo, tá an lámh in uachtar faighte arís ag fórsaí na hÚcráine i go leor ceantracha a bhí faoi smacht na Rúiseach ó thosaigh an cogadh.

Tá an pobal idirnáisiúnta den bharúil anois go bhfuil Vladimir Putin faoi bhrú. Agus gurb é sin an fáth go bhfuil na reifrinn gairthe aige.