Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur chóir don Rúis a háit bhuan ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chailliúint i bhfianaise an ionraidh atá déanta aici ar an Úcráin. Tá sárú déanta ag an Rúis, a dúirt sé, ar gach coinbhinsiún cogaidh atá aontaithe.

Thug sé an méid sin le fios inniu agus é ag labhairt le hiriseoirí ag comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac.

Aréir, dúirt an Taoiseach in óráid os comhair Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe go léiríonn gníomhartha na Rúise go bhfuil sí á hiompar féin mar a bheadh stát bradach inti: sibhialtaigh a chur in olluaigheanna, na hionsaithe a rinneadh ar áiseanna núicléacha agus ar bhonneagar sibhialtach agus pleananna Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, reifreann bréige a ghairm in oirthear na tíre.

"San Úcráin i mí Iúil", a dúirt an Taoiseach, "chuala mé cuntas béil na sibhialtach faoi ionsaithe brúidiúla na Rúise, a rinneadh ar fhir, ar mhná agus ar leanaí.

"Aon áit a bhfuil an lámh in uachtar faighte in athuair ag fórsaí na hÚcráine", a dúirt sé, "tá an léirscrios atá fágtha ag fórsaí na Rúise le feiceáil. In Bucha, mar shampla agus le déanaí in Izium, thángthas ar olluaigheanna sibhialtach a fuair anbhás. Dhírigh fórsaí na Rúise ar áiseanna núicléacha mar Zaporizhzhia mar thargaid ina n-ionsaithe den ghnó. Agus ar infreastrúchtúr na ndaoine."

Thug an Taoiseach le fios gur ag iarraidh teorainneacha na hÚcráine a athrú atá Vladimir Putin leis na reifrinn bhréige in oirthear na tíre - agus gur sárú soiléir é sin ar Chairt na Náisiún Aontaithe.

I gcás go leor tíortha Eorpacha, a dúirt sé, tugann sé seanam dorcha chun cuimhne:

"Táimid ag déileáil le réimeas ar mhian leis leathnú amach agus atá tar éis ionradh brúidiúil a dhéanamh ar thír síochánta in aice láimhe chun a mhianta a shásamh."