Tá an tIonchúisitheoir Poiblí i dTuaisceart Éireann tar éis fógairt go bhfuil an cás cúirte a bhí ar bun faoin Saighdiúir F le tosú arís.
Tá an saighdiúir ar a thriail faoi bheirt a dhúnmharú agus iarracht a dhéanamh daoine eile a mharú Domhnach na Fola 1972.
Níos túisce i mbliana chuir an Ardchúirt i mBéal Feirste ar neamhní cinneadh a bhí déanta ag an Ionchúisitheoir gan leanacht leis an gcás in aghaidh an tsaighdiúra a bhí ar dualgas le Reisimint na bParaisiút.
Tús na míosa seo dhiúltaigh an Ardchúirt d'iarracht eile ó Oifig an Ionchúisitheora a bhí ag lorg achomhairc i gCúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe.
Ina dhiaidh sin go léir, tá an tIonchúisitheoir anois le tabhairt an athuair faoin gcúiseamh.
Tá an Saighdiúir F cúisithe i ndúnmharú James Wray agus dúnmharú William McKinney ach tá údar imní fós ann go dtitfeadh an cás as a chéile.
Theip ar chás cúirte den chineál céanna cheana ina raibh beirt shaighdiúirí cúisithe i ndúnmharú nuair a déanadh breithiúnas nach raibh fianaise ar leith inghlactha.

D’eírigh le muintir na marbh cothrom na féinne a bhaint amach ó shin nuair a d’éirigh lena gcás in athbhreithniú breithiúnach.
Tá cás an tSaighdiúra F curtha ar liosta na gcúirteanna arís inniu, le bheith luaite os comhair breithimh i gCúirt na nGiúistísí i nDoire an 27ú mí Mheán an Fhómhair.