Tá an Úcráin, an Eoraip agus an domhan uilig ar thóir na síochána agus chuige sin, caithfear pionós cuí a ghearradh ar an Rúis agus ar cheannaire na Rúise.
Sin mar a labhair Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky in aitheasc os comhair na Náisiún Aontaithe inniu.

Mar chuid den phionós sin a dúirt sé ba chóir deireadh a chur leis an gceart atá ag an Rúis diúltú do Chomhairle Slándála an UN.
Tá an chumhacht sin ag 5 bhallstát buan a bhfuil airm núicléacha acu: An Rúis, An tSín, Stáit Aontaithe Mheiriceá, An Fhrainc agus an Bhreatain.
Labhair an Taoiseach freisin ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac faoin tionchar atá ag an gcogadh ar an Eoraip i gcoitinne.
Aréir léirsigh na mílte i gcathracha ar fud na Rúise lena míshásacht a léiriú faoin ordú slógaidh atá eisithe ag an Uachtarán Putin le 300,000 saighdiúir cúltaca a ullmhú le ghabháil chun cogaidh.
Gabhadh breis is 1,000 duine le linn na léirsithe.
Tuairiscítear freisin go bhfuil Rúisigh ag teitheadh chun na Seoirsia agus na Fionlainne le éalú ón slógadh míleata.