Tá cuireadh tugtha do dhaltaí scoile aiste a scríobh faoi thábhacht pholaitíocht na parlaiminte i gcomórtas nua a bhfuil duaischiste €4,000 luaite leis.

'Tábhacht na Polaitíochta Parlaiminte' nó ‘Parliamentary Politics Matters’ an téama atá roghnaithe san gcéad chomórtas ag an Oireachtas do dhaltaí ag tabhairt faoi aiste a scríobh.

Is é an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl TD a sheol an comórtas tráthnóna i dTeach Laighean.

Bhí an t-iriseoir agus craoltóir Seán O’Rourke ar dhuine de na haoi-chainteoirí. Labhair seisean faoin tábhacht a bhaineann le comórtas den chineál seo a reachtáil le aird á tharraingt ar an daonlathas, go háirid agus Cogadh na gCarad á chomóradh i mbliana.

Sé an Seanadóir Neamhspleách Rónán Mullen a bhunaigh an Comórtas nua le tacaíocht ón gCeann Comhairle agus ó Aonad Oideachais an Oireachtais.

An Sean. Rónán Mullen, an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl, duine de na moltóirí Caoimhe Nic Lochlainn DCU agus an craoltóir Seán O'Rourke i gcuideachta daltaí agus oidí as Pobalscoil Isolde, Baile Phámar, BÁC.

Tá an comórtas dírithe ar dhaltaí na Sraithe Sinsearaí/ AS /A-Leibhéil sa tír, thuaidh agus theas.

"Is iomaí dúshlán atá roimh shochaí ár linne, anseo in Éirinn agus thar lear," a deir Rónán Mullen, Tionólaí an Chomórtais. "Tá súil againn go spreagfaidh an comórtas seo an ghlúin óg le machnamh a dhéanamh ar an gcóras polaitiúil, ar thábhacht an daonlathais dár dtír agus ar a ról lárnach" a dúirt an Seanadóir Mullen.

Tabharfaidh an comórtas cuireadh do dhaltaí iarbhunscoile aiste a sheoladh airlíne i nGaeilge nó i mBéarla ar an ábhar ‘Tábhacht na Polaitíochta Parlaiminte’.

Tá urraíocht á dhéanamh ag Eason agus ag na foilsitheoirí oideachais CJ Fallon agus Folens leis an duaischiste €4,000 a chur ar fáil.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an suíomh: www.aisteanoireachais.ie