I saol an spóirt tá 4 bhád de chuid na tíre seo tar éis cáiliú inniu do na babhtaí ceannais ag Craobhchomórtas Rámhaíochta an Domhain i bPoblacht na Seice.

Cháiligh Paul O'Donovan agus Fintan McCarthy sa gcéaslaire beirte éadrom-mheáchan nuair a d'éirigh le fir Chorcaí críochnú sa gcéad áit chun cinn ar bheirt na hEilvéise san rása leathcheannais.

Rachaidh siad sa tóir ar na boinn i mbabhta ceannais an tSathairn agus criú an Sciobairín ag iarraidh cur leis an mbonn óir a shaothraigh siad ag na Cluichí Oilimpeacha anuraidh.

Emily Hegarty, Fiona Murtagh, Eimear Lambe agus Aifric Keogh lena gcuid boinn óir Oilimpeach, Lúnasa 2021.

Sa dara háit san mbabhta leathcheannais, buailte ag an mBreatain, a chríochnaigh criú ceathrair na tíre - Aifric Keogh, Eimear Lambe, Fiona Murtagh agus Emily Hegarty - le áit a bhaint amach san rása cinniúnach.

Rása Ceannais A atá saothraithe ag Margaret Cremen agus Aoife Casey sa ngrád céaslaire beirte eadrom-mheáchan.

Steven McGowan agus Katie O'Brien

Sa gcomórtas céaslaire beirte measctha tháinig Katie O'Brien agus a leathbhádóir Steven McGowan slán as rása cáilithe an repêchage, iad sa dara háit, ar gcúl ar an mbeirt as an Úisbéiceastáin.