Tá Gradaí tar éis 6 cinn de thithe cónaithe a chuardach ó mhaidin i gceantar Bhaile Formaid ar imeall thiar na hArdcathrach agus iad i mbun fiosraithe faoin gcarr Gardaí a buaileadh i n-aon turas, faoi dhó, tráthnóna Dé Luain seo caite.

Cuireadh fios ar na Gardaí faoi 2 charr a bheith á dtiomáint go meargánta in eastát tithe Ghort na Silíní. Ní raibh siad i bhfad ar an láthair go raibh ceann de na caranna tar éis ruathar a thabhairt futhu.

Scaipeadh físeáin den méid sin agus de na sluaite ógánach ag gríosadh na dtiománaithe le carr na nGardaí a bhualadh.

Gabhadh gutháin fóca agus nithe eile san gcuardach ar maidin ach níl éinne gafa.

Deir Uachtarán Cumann Sháirsintí agus Chigirí an Gharda Síochána (AGSI) Antoinette Cunningham go spreagann na meáin shóisialta a leithéid d'iompar mar go mbíonn daoine ag iarraidh aird a tharraingt orthu féin. Tá na Gardaí buartha a deir sí go dtiocfaidh eachtraí eile dá leithéid sna sála air seo mar go mbeidh fonn anois ar dhaoine an aird chéanna a tharraingt ar a bhfíseáin féin.

Níor gortaíodh aon nduine Dé Luain ach ó shin ní raibh na Gardaí a bhí sa gcarr a buaileadh in ann a bheith ar dualgas.