Is mó Caitliceach ná Protastúnach ó thuaidh an chéad uair ó bunaíodh Tuaisceart Éireann 101 bliain ó shin, de réir fhigiúirí an daonáireamh is deireanaí.

Léiríonn an cuntas a déanadh mí an Mhárta 2021 gur 45.7% den phobal a deir gur Caitlicigh iad nó a tógadh ina gCaitliceach.

43.5% an líon a deir gur Protastúnaigh iad nó gur de chúlra Protastúnach iad.

9.3% a deir nach de bhunú cheachtar den dá chreideamh sin iad.

Tá 0.6% d'ardú tagtha ar líon na gCaitliceach ó 2011 i gcomparáid le 5% de laghdú ar líon na bProtastúnach. Léiríonn scagadh ar an daonáireamh go bhfuil sciar níos airde den phobal Protastúnach níos sine agus go bhfuil ráta báis níos airde ina measc.

Ó Ghníomhaireacht Taighde agus Staidreamh Thuaisceart Éireann

1,903,100 duine atá ina gcónaí ó thuaidh - 5% d’ardú le 10 mbliana anuas. Is é an líon is airde ina gcónaí sna 6 Chondae ó bunaíodh Tuaisceart Éireann i 1921.

Léiríonn na figiúirí nua gur 12.4% den phobal a deir go bhfuil cumas acu sa nGaeilge. 10.7% a dúirt go raibh líofacht acu i 2011 – beagnach 20% d’ardú.

Ó Ghníomhaireacht Taighde agus Staidreamh Thuaisceart Éireann

Tá méadú mór de 63.5% tagtha ar líon na ndaoine a bhfuil pas de chuid na hÉireann acu - ó 375,800 go dtí 614,300.

Beagán le cois milliún duine atá taobh le pas de chuid na Ríochta Aontaithe – laghdú ollmhór ón 1,700,000 a bhí ann 10 mbliana ó shin sula raibh aon chaint ar an mBreatimeacht.