Tá 60% d’ardú tagtha ar líon na ndaoine atá tar éis iarratas a dhéanamh ar an gCiste Leanaí atá ag Cumann Ailse na hÉireann.
Deontas aonuaire luach €3,000 atá ann do theaghlaigh a bhfuil páiste acu atá tar éis diagnóis a fháil go bhfuil ailse orthu.
Deir Príomhfheidhmeannach an Chumainn Averil Power go mbíonn costas mór sa mbreis ar dhaoine i dteannta an chruatain aigne.
Léiríonn taighde an Chumainn go mbíonn ar an meán €8,000 de chostas sa mbreis ar theaghlaigh den tsórt sin - idir chógas, thaisteal, lóistín, scoilíocht agus chúram clainne. Sin gan trácht ar an laghdú ar theacht isteach an líon tí má bhíonn ar thuismitheoir a bheith ar iarraidh ón obair.
Deir Averil Power gur maith an gníomh an táille €80 a bhíodh ar pháiste a thabhairt ag an ospidéal a bheith curtha ar neamhní, ach caithfidh an Rialtas cuimhniú freisin a deir sí ar tháillí páirceála ag na hospidéil agus ar chostais eile ar nós próistéisí nach gcúitítear le teaghlach ar chárta leighis.