Tá baill foirne in 13 eagras pobail ar fud Dhún na nGall amuigh ar stailc inniu ag éileamh cothromaíocht ó thaobh pá agus coinníollacha oibre le comhghleacaithe leo atá fostaithe go díreach ag údaráis Stáit.

Tá siad míshásta nach bhfuair siad aon ardú pá le 14 bliain anuas.

Tá mórshiúl agóide eagraithe ag an lucht oibre atá ar stailc, ag fágáil oifigí SIPTU ar Bhóthar an Phoirt i Leitir Ceanainn ag meánlae, ag gabháil chuig oifigí Intreo ar an mBóthar Ard.

Meitheal oibre ar scéimeanna fostaíochta pobail atá i mbun gnímh, in ionaid ar nós Amharclann an Ghrianáin i Leitir Ceanainn, Ionad Acmhainní Teaghlaigh Bhaile Shuingeáin, Páirtnéireacht Forbartha Inis Eoghain agus Scéim Fostaíochta Pobail Bhaile na nGallóglach agus An Cheathrú Caoil.