Deir Uisce Éireann le Seomra na Nuachta tráthnóna go bhfuil súil acu go mbeidh uisce ó Sholáthar Uisce Poiblí an Spidéil sábháilte le n-ól arís "chomh luath agus is féidir".

Tuigtear dúinn go bhféadfadh sé go mbeadh cúrsaí i gceart an athuair an tseachtain seo chugainn, má bhíonn na tástálacha slán.

hAimsíodh leibhéal ard den mhiotal mangainéis san uisce an tseachtain seo caite agus tá 6,000 duine fágtha gan uisce le n-ól ó shin.

Dé hAoine seo caite an 16ú lá déag den mhí a d'eisigh Uisce Éireann foláireamh gan an t-uisce ó ghréasán an Spidéil a ól.

Seosamh Ó Culáin ag líonadh buidéil ar an Spidéal i gConamara

I ráiteas ó Uisce Éireann tráthnóna deir siad go bhfuil an t-uisce á thastáil go laethúil acu agus go bhfuil an córás á shrúthlú ar bhonn leanúnach.

Deir siad go bhfuil feabhas tagtha ar chaighdeán an uisce ach go leanfaidh siad i mbun tástála ar shamplaí go mbeifear cinnte go bhfuil an mhangainéis tite chuig leibhéal sábháilte.

Leanfaidh Uisce Éireann agus Comhairle Chontae na Gaillimhe ag obair le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a deir siad go mbeifear in ann an foláireamh a chur ar ceal.

Ach tuigtear do Sheomra na Nuachta go bhféadfadh sé go mbeadh cúrsaí i gceart arís an tseachtain seo chugainn.