Tá géarghá le polasaí don Ghaeilge sa gcóras oideachais ón réamhscoil go dtí an 3ú leibhéal.

Sin mar a labhair eagraíochtaí Gaeilge agus eagrais oideachais os comhair Choiste Oireachtais Phobal Labhartha na Gaeilge inniu, áit ar cáineadh go géar an t-ardú ollmhór atá tagtha le scór bliain ar líon na ndaltaí a fháigheann díolúine ó staidéar na Gaeilge.

Le 4 bliana anuas tá athrú tagtha ar an mbealach ar féidir díolúine ón nGaeilge a bhronnadh ar dhalta.

Anois is leor cead ó phríomhoide scoile, in áit tuairisc siceolaí mar a bhí roimhe sin.

Ach dúradh ag an gComhchoiste tráthnóna nach bhfuil ansin ach aon chúis amháin leis an ardú mór ar na díolúintí – ó 2.5% de dhaltaí scoile na tíre i 1999 go 11% sa lá atá inniu ann.

Dúirt Ard-Rúnaí Conradh na Gaeilge Julian de Spáinn leis an gCoiste go bhfuair níos mó ná duine as gach deichniúr dalta iarbhunscoile díolúine ón nGaeilge sa scoilbhliain 2021/2022. Sin 41,158 dalta iarbhunscoile san iomlán. "Léiriú ar teip agus cur i gceill an Stáit go bhfuil 41,158 dalta iarbhunscoile a mbeidh srian ar a gcuid deiseanna saoil mar gheall ar chóras lochtach a bhfuil an Roinn Oideachais i bhfeighil air,' a dúirt an Spáinneach.

Dúirt Uachtarán Ghaeloideachas, Micheál S Mac Donnacha go bhfuil fianaise ann go bhfuil daltaí ag tabhairt droim lámha don Ghaeilge toisc go mbronntar díolúintí i bhfad ró-thapa orthu. 'Tá sé ag éirí níos measa leis an gciorcalán a tugadh isteach dhá bhliain ó shin,’ a dúirt sé.

Dúirt an eagraíocht atá mar phátrún ar chuid mhór de Ghaelscoileanna agus Gaelcholáistí na tíre leis an gcoiste gur i bhfolús atá córas na ndiolúintí ag feidhmiú, agus ag déanamh dochair do chur chun cinn na teangan.

Dúirt Caoimhín Ó hEadhra, Ard-Rúnaí ar an bhForas Pátrúnachta "go dteastaíonn comhthathú agus idirnasc idir an Roinn Oideachais, Roinn na Gaeltachta agus na Ranna eile Stáit maidir le ceist na Gaeilge – rud atá riachtanach le go mbainfear spriocanna Straitéis na Gaeilge amach,’ a dúirt sé.

Tá an Roinn Oideachais ag seasamh leis na hathruithe atá déanta ar chóras na ndíolúintí ach deir an Coiste Oireachtais nach bhfuil sé i gceist acu na maidí a ligeann le sruth ar ábhar atá ag tarraingt chainte agus aighnis arís.