Tá na Gardaí tar éis bean 45 bliain d'aois a ghabháil mar chuid den fhiosrúchan faoin mbeirt pháistí a maraíodh coicís ó shin nuair a chuaigh carr tré thine i gCo na hIarmhí.
Bhásaigh Thelma Dennany, 5 bhliana, agus a deartháirín Mikey, a bhí dhá bhliain, sa loscadh in aice le Muilte Farannáin.
Tá an bhean atá gafa á ceistiú i stáisiún na Gardaí ar an Muileann gCearr faoi Alt a 4 den Acht um Cheartas Coiriúil.
Is féidir í a choinneáil ar feadh 24 uair a' chloig.