Tá ordú tugtha ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin 300,000 saighdiúir cúltaca a ullmhú le ghabháil i mbun cogaidh san Úcráin.

Tá imní á léiriú faoin gcontúirt atá ann go scaoilfeadh an Rúis airm núicléacha má dhéantar bagairt uirthi.

Tá ordú an Uachtaráin cáinte ag ceannairí Chumhachtaí Móra an Iarthair. D'iarr an tSín ar gach taobh tabhairt faoi idirbheartaíocht leis an teannas a mhaolú.

In aitheasc os comhair Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac ar ball beag dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden gur mór an náire an méid atá déanta ag an Rúis le 6 mhí agus gur iarracht atá ann an Úcráin agus muintir na hÚcráine a dhíothú.

Dúirt an tUachtarán Biden gur sárú gan náire ar bhunphrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe é ionradh na Rúise.

Ní bheadh an bua ag aon dream a dúirt sé i gcogadh núicléach agus níor chóir a leithid a cheadú go deo.

Níor hordaíodh d'fhórsaí cúltaca na Rúise a ghabháil i mbun áir cheana ón Dara Cogadh Domhanda.

Gheall an tUachtarán Putin nach coinscríobh a bheadh i gceist ach saoránaigh de chuid na Rúise atá sna fórsaí cúltaca cheana féin.

Ní rachfar i dtuilleamaí earcaigh úra, gheall Aire Cosanta na Rúise Sergey Shoigu.

Fógraíodh inné go bhfuil 4 réigiún san Úcráin atá i seilbh na Rúise le reifrinn a reachtáil as seo go ceann seachtaine le theacht faoi réimeas dlisteanach Mhoscó. Cuimsíonn na réigiúin tuairim is 15% den Úcráin, - thart ar an limistéar céanna le oileán na hÉireann.

Níl sna reifrinn ach cur i gcéill a deir an Úcráin agus tíortha an Domhain Thiar i gcoitinne.

Bhagair Vladimir Putin inniu freisin go mbainfeadh an Rúis úsaid as na hairm ar fad atá aici, dhá ndéanfaí bagairt ar shláine Chríocha na Rúise.