Tá fiosrúchán curtha ar bun ag na Gardaí faoi líomhaintí faoi chalaois i gCo Dhún na nGall.

Thug Gardaí sinsearacha nach bhfuil ar dulgas i dTír Chonaill cuairt ar eastát tithíochta An Crannla i mBun Cranncha le gairid.

Cheannaigh Comhairle Chondae Dhún na nGall 5 theach ar an eastát sin i 2021.

€600,000 a d'íoc an Chomhairle ar na tithe, a bhfuil míoca sna ballaí.

Ó shin rinne an Comhairleoir Condae Frank McBrearty gearán leis na Gardaí faoi chalaois a dúirt sé a bhain le ceannacht na dtithe.

I ndiaidh gearáin a rinne comhairleoirí eile, rialaigh fiosrúchán neamhspleách ón gcomhlacht BDO a choimisiúnaigh an Chomhairle nár bhain aon ní míchuí le ceannacht na dtithe.

Deir Príomhfheidhmeannach na Comhairle John McLaughlin go bhfuil líomhaintí faoi chalaois tar éis strus mór pearsanta a chur ar oifigigh na Comhairle.