Tá Rialtas na Breataine tar éis a dheimhniú gur gearr go dtiocfaidh uasphraghas ar ghás agus leictreachas teaghlaigh i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann.
Deir an Rúnaí Gnó Jacob Rees-Mogg go mbeidh an cúiteamh agus tacaíocht chéanna le fáil ag daoine ó thuaidh is atá ag an bpobal sa mBreatain.
Ar an meán íocfaidh teaghlach £2,500 (tuairim is €2,900) sa mbliain ar a gcuid fuinnimh. Tosnóidh an córas nua, an chéad lá den mhí seo chugainn, agus mairfidh sé ar feadh 2 bhliain.
Faoin scéim beidh srian ar an bpraghas de réir an aonaid a bheidh soláthróir gáis nó leictreachais in ann a ghearradh ar thomhaltóir.
17 pingin de laghdú ar an ráta kileavat san uair a thiocfaidh ar phraghas leictreachais.
4 phingin de laghdú de réir an khileavat san uair a bheidh ar an ngás.
Íocfar £400 (€460) de lascaine le líon tí ó thuaidh freisin faoin Scéim Tacaíochta Fuinnimh.
Tá sé beartaithe ag Rialtas na Breataine uasphraghas a leagan síos chomh maith ar chostas fuinnimh do lucht gnó.