Beidh na céadta lucht oibre a bhíonn i mbun cúram sláinte agus sóisialta i gCorcaigh, i gCiarraí, i nGaillimh, i Maigh Eo agus i nDún na nGall i mbun stailce as seo go ceann 3 lá ag éileamh pá agus coinníollacha oibre níos fearr.
Lucht oibre óna ceardchumainn Fórsa, SIPTU agus Cumann na nAltraí agus na mBan Cabhrach atá i mbun an ghnímh mar chuid d'fheachtas náisiúnta faoi scáth Chomhdháil na gCeardchumann (ICTU).
I gCo Chorcaí a bheidh stailceanna an lae inniu.

Tá picéad curtha ar Iontaobhas Sheosamh Naofa i Ráth Luirc, agus ar Chumann Chathaoireacha Rothaí na hÉireann agus oifigí EmployAbility i gCathair Chorcaí.
Díreoidh na stailceanna amárach ar an gcósta thiar:
Oifigí Éirim an Iarthair i dTuaim agus i gCathair na Gaillimhe;
Oifigí Chúram an Iarthair i mBéal an Mhuirthead, i mBéal an Átha agus i gCaisleán an Bharraigh;
Scéimeanna éagsúla fostaíochta pobail i gCo Dhún na nGall. Beidh mórshiúil agóide ag lucht na stailce sin ó mheánlae amárach i Leitir Ceanainn.
Dé hAoine beidh picéid ar ionaid Chumas Éireann i gCaol Churraichín i gCorcaigh agus i dTrá Lí i gCiarraí.
Deir a gcuid ceardchumann go bhfuil daoine ag gach grád atá fostaithe ag gníomhaireachtaí a fhaigheann maoiniú ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag saothrú pá níos ísle ná a gcomhghleacaithe atá fostaithe go díreach ag an HSE agus ag comhluchtaí eile Stáit.
Deir an Roinn Sláinte nach faoin Rialtas rátaí pá na ndaoine sin a shocrú mar go bhfuil siad fostaithe ag eagrais phríobháideacha.
Deir na ceardchumainn go bhfuil lucht na hoibre á gcur ó phosta go piléar agus gan uathu ach cothrom na féinne.
Léirigh taighde de chuid Fórsa anuraidh go bhfuil 33% den mheitheal oibre ag fágáil na n-earnálacha pobail agus deonacha gach bliain, rud a chuireann as go mór d’othar agus do chliaint na seirbhísí, agus rud a chuireann go suntasach le costas earcaíochta na seirbhísí.