Tá Príomhfheidhmeannach Ghrúpa Ospidéal Ollscoile Luimnigh tar éis leithscéal a ghabháil faoi "chrá agus easpa dínite agus príobháideachais" atá othair a fhulaingt in Ospidéal na hOllscoile Luimneach.

D'admhaigh an tOllamh Colette Cowan os comhair an Chomhchoiste Oireachtais um Shláinte nach raibh siad ag cur cúram sláinte mar ba mhaith leo ar fáil do mhuintir an Mheániarthair.

Ag plé tuarascála a d’fhoilsigh an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) mí an Mheithimh faoin gcaoi a bhfuil othair á gcur i gcontúirt de bharr oll-phlódú i rannóg éigeandála an ospidéil a bhí an Coiste Dála agus Seanaid.

Stailc na n-altraí os comhair an ospidéil i 2019.

Dúirt an tOll Cowan gur fhreastal 76,473 othar ar an rannóg éigeandála anuaraidh - an líon is mó riamh.

Dúirt sí go sárófaí an líon sin i mbliana.

"Ba chóir" a dúirt an Príomhfheidhmeannach "go mbeadh 642 leaba san ospidéal" le ghabháil i ngleic leis an líon sa mbreis atá ag triall ar an áit, tar éis na n-athruithe atá déanta ar chúram othar sna hospidéil in Inis i gCo an Chláir, in Aonach Urmhumhan i gCo Thiobraid Árann agus in Ospidéal Eoin i Luimneach.

Ach níl in Ospidéal na hOllscoile Luimneach ach 530 leaba a dúirt an tOllamh mar nár tháinig "an maoiniú a raibh súil leis de bharr na géarchéime domhanda airgeadais."

Tosófar ag tógál bloc nua ar fhearann an ospidéil an mhí seo chugainn adúirt sí, a chuirfidh 48 leaba sa mbreis ar fáil.

Ach deir an tOll Cowan go mbeidh siad "gann 87 leaba go fóill" agus nach réiteofar an plódú san rannóg éigeandála go mbeidh méadú suntasach ar líon na leapacha san ospidéal.