Bhain 17,000 paisinéir úsáid as seirbhísí aeir Emerald Airlines i gcomhar le hAer Lingus idir Aerfort Dhún na nGall agus Baile Átha Cliath ó cuireadh tús leis an tseirbhís ag deireadh Feabhra go deireadh mí Iúil i mbliana.

De réir eolais atá curtha ar fáil ag an Roinn Iompair faoin Acht um Shaoráil Fáisnéise do Nuacht an Tuaiscirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, tá méadú leanúnach ar líon na bpaisinéirí gach mí ó cuireadh tús leis an tseirbhís.

Thaisteal 8,529 paisinéir ar eitiltí Aer Lingus isteach go hAerfort Dhún na nGall as Baile Átha Cliath idir Márta agus Iúl i mbliana, agus thaisteal 8,411 paisinéir ar eitiltí ó Aerfort Dhún na nGall go Baile Átha Cliath.

Thug an Roinn Iompair le fios go raibh 178 eitilt de chuid Emerald Airlines idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath níos mó ná 30 nóiméad mall. Sin 28% den 625 eitilt idir an dá aerfort le linn an tréimhse sin a bhí níos mó ná leathuair a chloig mall.

Údar teicniúil leis an soithíoch ba chúis le 7 n-eitilt a bheith mall, agus ní raibh ach aon chás amháin gur drochaimsir a chuir moill ar an eitilt.

Ar an meán bhí 45% den 70 suíochán ar an eitleán lán idir Márta agus Iúil.

29% de na suíocháin a bhí lán ar an meán mí an Mhárta ach mhéadaigh sé sin go 59% mí Iúil.

Léirítear freisin go raibh ar an meán 60% de na ticéid singilte idir Márta agus Meitheamh níos lú ná €40. Bhí ar an meán 88% de na ticéid níos lú ná €80 sa tréimhse sin agus bhí 11% de na ticéid a bhí €80 nó níos daoire.