skip to main content

Sochraid stáit curtha ar an mBanríon Eilís a Dó i Mainistir Westminster i Londain, áit ar phós sí agus ar déanadh banríon di.

Ag searmanas príobháideach ag 7.30 anocht i gCaisleán Windsor a adhlacfar Banríon Shasana.
Ag searmanas príobháideach ag 7.30 anocht i gCaisleán Windsor a adhlacfar Banríon Shasana.

Tá sochraid stáit curtha ar Bhanríon Eilís a Dó na Ríocht Aontaithe i Mainistir Westminster i Londain, an mhainistir chéanna inár pósadh í agus inár cuireadh an choróin uirthi i 1953.

Bhí an tUachtarán agus an Taoiseach i measc an 2,000 duine a bhí ag an searmans eaglasta i gcuideachta an teaghlaigh ríoga. Bhí an tArdeaspag Mark O'Toole, ar de bhunú Chonamara é, freisin i láthair. Bhailigh na múrtha i lár Londain le bheith ar an tsochraid, agus ceannairí agus dream mór le rá ó gach ceard den domhan cruinnithe in ómós den Cheann Stáit.

Ina sheanmóir dúirt Ardeaspag Canterbury Justin Welby go ndeachaigh an Bhanríon Eilís i bhfeidhm ar go leor daoine le linn a réimis 70 bliain.

I ndiaidh an tsearmanais san Mainistir ársa tharraing an Cabhlach Ríoga carráiste gunna le cónra na Banríona air go hÁirse Wellington.

Bhí 3,000 lucht Airm páirteach san mórshúil a chuaigh thar chuid de na láithreacha is mó cáil i Londain.

An 20 míle bóthair ó Áirse Wellington go Caisleán Windsor facthas na mílte ag léiriú a meas ar Eilís an uair dheireanach.

Tar éis searmanas príobháideach sa gCaisleán, i gCillín Cuimhneacháin an Rí Seoirse a Sé – athair na Banríona - a adhlacfar Eilís a Dó, le taobh a fir céile an Prionsa Philip, Diúc Dhún Éideann.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin, beo as Londain, ar Nuacht TG4 @1900.