Is í Liz Truss, ceannaire nua an Pháirtí Chaomhaigh sa mBreatain agus freisin is í a bheidh ina Príomh-Aire nua sa mBreatain.
Bhí an t-iarsheansailéir Rishi Sunak agus Liz Truss san iomaíocht le teacht i gcomharbacht ar Boris Johnson.
Sna pobalbreitheanna, bhí Liz Truss, an Rúnaí Gnóthaí Eachtracha mar rogha na coitiantachta . Bhí sí chun cinn ar Rishi Sunak.
Bhí Rishi Sunak agus Liz Truss i mbun feachtasaíochta le roinnt seachtainí in iarracht an ceann is fearr a fháil ar a chéile.
Fógróidh an buaiteoir roimh am-lóin inniu. Fuair Truss 57% dena vótaí (81,326) agus deimhníodh gur b'í a bheidh mar Cheannaire nua an Pháirtí Chaomhaigh sa mBreatain agus sí a thiocfaidh i gcomharbacht ar Boris Johnson mar Phríomhaire nua na tíre freisin.
D'éirigh leis an iarsheansailéir Rishi Sunak 60,399 vóta a fháil sa rás do cheannaireacht an pháirtí.
Mhol Liz Truss iar-cheannaire an pháirtí Boris Johnson. Dúirt sí gur éirigh leis an Breatimeacht a bhaint amach.
Ach tá lorg Brexit, Prótacal Thuaisceart Éireann, ag cruthú deacrachtaí agus an DUP ag diúltú dul isteach i Rialtas go dtí go n-athrófar é.
Amárach a éireoidh Boris Johnson as go hoifigiúil mar Phríomh-Aire na Breataine. Ansin a thósóidh Liz Truss sa bpost nua.
Le linn a óráid dheirneach i Westminster i Mí Iúil, dúirt Boris Johnson go raibh an méid a bhí le déanamh aige déanta agus chuir sé comhairle ar an té a bheidh ag teacht i gcomharbacht air an tsaoirse agus an daonlathas a chosaint.
Thréaslaigh an Taoiseach Micheal Martin a ceapachán le Liz Truss mar cheannaire ar an bPairtí Caomhach sa mBreatain.
Dúirt sé go bhfuil sé ag súil bheith ag obair léi agus í anois ina Priomh-Aire ar an tír is congaraí dúinn.
Ach deir polateoirí eile go gcaitfidh Liz Truss féachaint an caidreamh idir an dá thír a neartú agus muinín a chothú eadrainn arís.