skip to main content

'An cinneadh ceart déanta ag Robert Troy'-An tAire O'Gorman

Robert Troy
Robert Troy

Dúirt an tAire Leanaí,Roderick O'Gorman go ndearna Robert Troy an cinneadh ceart agus éirí as a chuid cúramaí mar Aire Stáit.

D'éirigh Robert Troy as na dualgais ar fad aréir a bhí aige san aireacht stáit do chúrsaí Fiontar, Trádála agus Fostaíochta mar gheall nár thug sé cuntas beacht cruinn maidir leis na sealúchais ar fad a bhí aige.

Dúirt ceannaire Shinn Féin,Mary Lou McDonald gur chóir an Taoiseach agus an Tánaiste a cheistiú faoin mbealach ar láimhseáil siad an chonspóid atá tarraingte ag Robert Troy.