Dúirt ceannaire an Lucht Oibre,Ivana Bacik, go bhfuil ceisteanna fós le freagairt ag an Aire Stáit,Robert Troy nuair nár chuir sé an t-eolas iomlán faoin méid maoine atá aige ar chlárlann an Rialtais.
Bhí Ivana Bacik ag labhairt ar an gclár raidió de chuid RTÉ,Morning Ireland go bhfuil Robert Troy tar éis 'beag is fiú a dhéanamh den chóras atá ann le caimiléireacht a sheachaint agus lena chinntiú go bhfuil ardchaighdeán sa saol poiblí.
Dúirt sí freisin go bhfuil an scéal seo níos measa fós ó tharla gur aire stáit é Robert Troy a bhfuil dualgas air maidir le rialú corparáideach.
Níos túisce tráthnóna inniu, dúirt ceannaire Chomhaontas Glas,An tAire Aeráide, Eamon Ryan gur chóirgo ndéánfadh an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí in éineacht leis An gCoiste um Chaighdeáin sa tSaol Poiblí (SIPO) fiosriúchán iomlán faoin Aire Stáit Troy sula suífidh An Dáil an mhí seo chugainn.
Ghabh an tAire Stáit Troy leithscéal arís inné mar nár thug sé cuntas iomlán ar a chuid maoine.
Dúirt sé arís trathnóna go mbeadh sé sásta ceisteanna a fhreagairt sa Dáil nuair atá sé ar ais agus comhoibriú le SIPO faoi mar a mhol An tAire Ryan.