skip to main content

Leithscéal gafa arís ag an Aire Stáit, Robert Troy

Sheán an tAire Troy go ndearna sé iarracht den ghnó a chuid leasanna a cheilt.
Sheán an tAire Troy go ndearna sé iarracht den ghnó a chuid leasanna a cheilt.

In agallamh raidió ar RTÉ inniu, ghabh an tAire Stáit Robert Troy leithscéal arís as na meancóga a rinne sé ó thaobh leasanna maoine a dhearbhú. Dúirt sé gur "botún fíorthromchúiseach" a bhí ann.

Thug sé le fios gur údar náire ann dó an breall a bhí air.

An tseachain seo caite, d'admhaigh sé go raibh sonraí tithe dá chuid atá ar cíos fágtha ar lár ó chlár leasanna na bpolaiteoirí.

Inniu dúirt sé go raibh dul amú air maidir leis na riachtanais a bhí i gceist leis an riarachán ar chlár na leasanna.

"Ní raibh an ceart agam, ach cheap mé nach raibh dualgas orm tithe nach raibh faoi mo smacht faoi dháta áirithe gach bliain a chlúdach", a dúirt sé.

Sheán sé go ndearna sé iarracht den ghnó a chuid leasanna a cheilt.

D'admhaigh sé gur ghlac sé le híocaíochtaí airgid tirim ó thionónta amháin. Ach ba ar iarratas an tionónta a rinne sé é, agus d'íoc sé cáin ar an airgead i gcónai, a dúirt sé.

Thug sé le fios go mbeadh sé sásta ceisteanna a fhreagairt faoi na cúrsaí seo sa Dáil, os comhair an Choiste um Chaighdeáin sa Saol Poiblí nó os comhair an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe.