Tá tástáil ar dhrugaí déanta ag Príomhaire na Fionlainne Sanna Marin inniu a deir sí mar gheall ar an oiread cainte atá tarraingthe ag físeán di a foilsíodh i rith na seachtaine.

Léiríonn an físeán cóisir ina bhfuil líon beag daoine ag canadh agus ag damhsa, an Príomhaire ar dhuine acu.

Mhionnaigh sí inniu nár ghlac sí drugaí mídhleathúla riamh ina saol.

Deir sí go mbeidh torthaí na tástála ar fáil faoi cheann seachtaine, agus foilseofar iad a deir sí.

Dúirt an Príomhaire go raibh a cumas oibre gan lagú fiú agus í ag cóisir agus dúirt sí go mbeadh sí tar éis imeacht ón ócáid a bhí eagraithe ag cairde léi, dá mbeadh fios curtha uirthi le ghabháil i mbun dualgais.

Deir sí nach maith léi in aon chor gur scaipeadh an físeán di ag damhsa ag cóisir phríobháideach. Do chairde, sin é an méid, a dúirt sí a tarraingíodh na físeáin.

Foilsíodh an físeán ar dtús ar chuntas príobháideach Instagram, ach as sin, scaipeadh go forleathan é.

36 atá Sanna Marin. Is í an ceann-rialtais is óige ar domhan ó toghadh í mí na Nollag 2019.

Dúirt sí inniu go raibh deoch ag daoine ag an gcóisir ach go bhfios di, nach raibh aon duine ag glacadh drugaí eile.

Sheán sí freisin gur seift poiblíochta a bhí ann, agus olltoghchán le bheith sa bhFionlainn as seo go ceann bliana.