Tá naíonán tar éis bháis i Ros Comáin de bharr tubaiste cairr in aice le Béal Átha na gCarr, ó thuaidh den Chaisleán Riabhach.

Thart ar a 9 a' chlog ar maidin a tharla an tragóid.

Déanadh iarracht cóir leighis a chuir ar an mbuachaill beag ag láthair na timpiste ach bhásaigh sé.

Tugadh a chorp go hOspidéal na hOllscoile Gaillimh le scrúdú iarbháis a dhéanamh.

Tá foireann dlí-eolaíoch na nGardaí tar éis scrúdú teicniúil a dhéanamh ar an áit ar tharla an tubaiste agus tá oifigeach idirchaidrimh do theaghlaigh curtha ar fáil do mhuintir an ghasúirín.