Tá fiosrú faoi dhúnmharú curtha sa tsiúl ag póilíní ó thuaidh faoi fhear a hionsaíodh ag an deireadh seachaine i mBéal Feirste agus atá anois tar éis bháis.

Fritheadh an fear gortaithe go han-dona ar Shráid Callender i lár na cathrach moch maidin Dé Domhnaigh seo caite.

Thart ar 35 a bhí an té a bhí tar éis ionsaí a fhulaingt.

Tugadh go dtí an t-ospidéal é ach cailleadh inniu é.

Tá fear 27 bliain d'aois gafa tráthnóna ag an PSNI agus é á cheistiú faoin marú.