Tá rabhadh folsithe ag Apple go bhfuil fabht aimsithe ag lucht haiceála a thugann deis dóibh smacht a fháil ar táirgí na cuideachta, leithéid an iPhone, iPad agus an ríomhaire Mac.

Tá leaganacha nua seolta amach ag Apple le 2 lá anuas, uasdhátú ar a gcuid bogearraí, agus tá siad ag moladh go tréan dá gcuid custaiméirí leas a bhaint as an leasú éigeandála.

Deir Apple gur eol dóibh go raibh an fabht faighte amach ag lucht haiceála agus go mb'fhéidir go raibh caimiléirí tar éis an deis a thapadh.

Ach níl an chuideachta i Silicon Valley sásta a rá cén t-eolas atá acu faoin dochar atá déanta.

San gcur síos teicniúil atá foilsithe inniu ag Apple deir siad go mbeadh haiceálaí inann leas a bhaint as an locht, atá ar an bhfón póca agus ar na ríomhairí a dhíolann Apple, le smacht a fháil ar an ngaireas agus na sonraí go léir a aimsiú.

Tá na bogearraí nua ceartúcháin atá á seoladh ag an gcuideachta ceaptha an laigeacht a chur ina cheart.