Tá fear 44 bliain d'aois cúisithe i ndúnmharú Thomas O'Halloran i rith na seachtaine i Londain.

Tugadh Lee Byer os comhair cúirte i Willesden i dtuaisceart na cathrach inniu.

Níor labhair sé ach amháin lena ainm agus dáta breithe a dhearbhú agus a rá go bhfuil sé gan seoladh buan.

Ní dhearna a dhlíodóir Mark Aldeiri iarratas go scaoilfí amach ar bannaí é.

Chuir an Breitheamh Ross Cohen siar faoi choinneáil Lee Byer go dtabharfar os comhair cúirte arís é, sa bPríomh-Chúirt Choiriúil san Old Bailey Dé Máirt seo chugainn.

B'as Inis Díomáin i gCo an Chláir ó dhúchas do Thomas O’Halloran. Bhí cónaí le fada air i gceantar Greenford in iarthar Londain.

87 a bhí an Cláiríneach. Bhíodh scútar mí-chumais aige agus bhíodh sé de nós aige a bheith ag seinm ar an mbosca ceoil ag an stáisiún don traein-faoi-thalamh i Greenford.

Ansiúd ar an Cayton Road a fritheadh é Dé Máirt agus é sáite.

Bhásaigh sé ar láthair an ionsaithe.