Dúirt príomhfheidhmeannach Concern go bhfuil géarchéim beatha i ndán don domhan, a leithéid nár facthas riamh cheana de bharr an chogadh san Úcráin agus téamh domhanda.

Sin mar a labhair Dominic MacSorley ag ócáid i Luímneach inniu áit ar nochtú binse i gcuimhne an Athar Jack Finucane agus a dhearthair an tAthair Aengus Finucane a bhí lárnach i mbunú Concern breis agus leath chéad blian ó shin.

Nochtú binse i gcuimhne na deartháireacha Finucane i Luimneach

Bhailigh cairde agus gaolta na sagairt Aengus agus Jack Finucane ar bhruacha na Sionainne i Luimneach inniu chun binse i gcuimhne na beirte a nochta.

Bhí an bheirt sagart lárnach i mbunú na heagraíochta Concern i 1968 agus thug a saol ag cuidiú le daoine bochta i dtíortha éagsúla ar fud na cruinne.