Tá sé fógraithe ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly go bhfuil Grúpa Comhairleach a bheidh dírithe ar an mbolgach moncaí le búnú.

Is í an Príomhoifigeach Leighis Eatramhach, an tOllamh Breda Smyth cathaoirleach an ghrúpa ina bhfuil saineolaíthe sláinte poiblí agus ar ghalair thógálacha ina mbaill.

Idir an dá linn thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le fios go bhfuil súil acu go dtosófar ag dáileadh na vacsaíne in aghaidh an víris faoi cheann roinnt seachtainí.

Deir FFS freisin go bhfuil soláthar na vacsaíní teoranta go maith in Éirinn mar atá i dtíortha eile san Aontas Eorpach.

Meastar gur thart ar 6,500 duine sa tír seo atá i mbaol ard an víreas bolgaí moncaí a tholgadh.

Ach deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nach dtairgófar vacsaín in aghaidh an víris ach do 600 duine ná 10% den ghrúpa seo in sna seachtainí le teacht.

Dúirt an tOllamh Smyth go bhfuil súil aici go mbeidh an tír seo ag fáil tuilleadh vacsaíní faoi dheireadh na bliana ach ní raibh sí abálta a rá cé mhéad dáileog a bheadh i gceist.

Súil ag FFS go gcuirfear vacsaín ar fáil sna seachtainí amach romhainn le dul i ngleic leis an mbolgach moncaí

113 cás den bholgach moncaí atá deimhithe sa tír anois, aon chás déag níos mó ná a bhí ann an tseachtain seo caite.

Go dtí seo níor cuireadh ach ceathrar leis an víreas isteach san ospidéal.

Tá an tinneas le fada i réigiúin in Iarthar agus i Lár na hAfraice.

Víreas neamhghnáthach is cúis leis a thágann an craiceann scólta, tochasach agus bíonn fiabhras ag baint le cuid de na cásanna.