Chas Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Antonio Guterres le hUachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky agus Uachtarán na Tuirce Tayyip Erdogan lena chéile san Úcráin inniu.

Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Antonio Guterres

Labhair siad faoin gcogadh san Úcráin, faoi ghrán a easpórtáil agus freisin faoin imní ollmhór atá ann maidir le stáisiún cumhachta núicléach Zaporizhzhia.

Tagann an cruinniú seo agus foláireamh tugtha ag an Úcráin go bhfuil cúrsaí ag an stáisiún cumachta ag dul in olcas.

Tá an stáisiún núicleach seo, an ceann is mó san Eoraip, i seilbhe na Rúise le thart ar 5 mhí anois.

Stáisiún cumhachta núicléach Zaporizhzhia

Deir Uachtarán na Úcráine Volodymr Zelensky go bhfuil an tír ag obair go dlúth leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach.