Scaoileadh saor gan aon chúis a bheith curtha ina leith fear, sna 50í, a bhí á cheistiú ag na Gardaí atá i mbun fiosraithe faoi mharú Miriam Burns i gContae Chiarraí.

Tá comhad á ullmhú do Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

Gabhadh fear mar chuid de fhiosrúchán na nGardaí Dé Máirt agus bhí sé á cheistiú ag Stáisiún na nGardaí i gCill Airne.

Fuarthas corp Miriam Burns ina teach cónaithe i gCill Airne Dé Luain.

Máthair ceathar clainne ab ea Miriam Burns agus bhí sí 75 bliain d'aois

Rinne Paiteolaí an Stáit an Dr. Margot Bolster scrúdú iar-bháis in Ospidéal na hOllscoile Ciarraí i dTrá Lí.

Chuir na Gardaí tús le fiosrúchán dúnmharaithe nuair a bhí torthaí an scúdaithe iar-bháis fáighte acu.
Níl na torthaí sin á bhfoilsiú ag na Gardaí.

Fuarthas corp Miriam Burns ina teach cónaithe i gCill Airne 3 lá ó shin

Tá na Gardaí ag impí ar dhuine ar bith a bhfuil aon eolas acu teagmháil a dhéanamh leo.

Teastaíonn uathu freisin labhairt le duine ar bith a thug aon ní amhrasach faoi deara idir tráthnóna Dé hAoine agus lár an lae Dé Luain.

Máthair ceathar clainne ab ea Miriam Burns agus bhí sí 75 bliain d'aois.

Bhí cónaí uirthi in Eastát Ard Seanbhuaile i gCill Airne le blianta fada.