Tá fear 44 bliain d'aois gafa agus á cheistiú ag na póilíní i Sasana maidir le dúnmharú Thomas O’ Halloran i Londain.

Gabhadh an fear ag seoladh in Iarthar Londain luath maidin inniu.

Sáthadh Thomas O' Halloran a bhí 7 mbliana le cois na cheithre scóir gar dá theach cónaithe in aice le Ealing in iarthar Londain ag thart ar a 4 a chlog tráthnóna Dé Máirt.

Thomas O' Halloran a bhásaigh Dé Máirt

Bhásaigh sé go gairid ina dhiaidh sin.

Chuir na póilíní i Londain tús le fiosruchán dúnmharaithe.

D’éisigh siad roinnt grianghrafannaí d'fhear a raibh scian ar iompar aige agus a facthas ag teitheadh ón láthair.

Ba as Inis Díomáin i gCo. an Chláir ó dhúchas do Thomas O’ Halloran.

Bhí aithne mhór ar Thomas O' Halloran i measc an phobail in Iarthar Londain agus é le feiceáil go minic ag casadh an bhosca ceoil ag ócáidí ansin agus ag cruinniú airgid ar son carthanachtaí.