Tá curiarracht nua náisiúnta - bainte amach ag fear óg as Dún Dealgan.

Is é Israel Olatunde an fear is sciopthaí in Éirinn anois sa rás céad méadar.

An fear is sciopthaí in Éirinn anois sa rás céad méadar

Ó sháraigh sé curiarracht Paul Hession cúig bhliana déag ó shin ag Craobhchomórtais na hEorpa i Múnchen na Gearmáine inné.

Bhí éacht déanta ag Olatunde sular ritheadh rás ar bith aréir mar gurb é an chéad lúthchleasaí as Éirinn é le cáiliú don rás 100 méadar ag na Craobhchomórtais.

Scór bliain d'aois atá sé agus 10.17 soicind a ghlac sé air an rás a rith ag Craobhchomórtas na hEorpa i Múnchen na Gearmáine aréir.