Tá achainí déanta arís ag an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Simon Harris ar úinéirí tí machnaimh a dhéanamh maidir le seomra a ligean ar cíos do mhic léinn.

Achainí déanta arís ag an Aire Simon Harris ar úinéirí tí machnaimh a dhéanamh maidir le seomra a ligean ar cíos


Deir Aontas na Mac Léinn in Éirinn go bhfuil géarchéim lóistín ann do mhic léinn faoi láthair. Deir siad go mbeidh mic léinn ag tósú sna gcoláistí an mhí seo chugainn agus go bhfuil go leoir acu faoi bhrú fós ag iarraidh áit a fháil le fanacht.

Deir an tAire Simon Harris go dtuigeann sé go bhfuil dúshlán ann faoi láthair do mhic léinn agus d'iarr sé arís ar dhaoine a bhfuil seomraí le spáráil acu ina dtithe clárú don scéim 'Seomra ar Cíos’.

Thug an tAire Harris le fios gur scéim í seo le dul i ngleic láithreach leis an ngéarchéim lóistín do mhic léinn agus ní réiteach fádthéarmach atá ann.