Cuireadh tús inniu le Seó Capall Bhaile Átha Cliath san RDS.

Seo an chéad uair le 3 bliana a bhfuil an imeacht seo ar bun. Bhí sé ar ceal mar gheall ar an bpaindéim.

I mbliana tá súil go bhfreastlóidh os cionn 100,000 cuairteoir ar na comórtais éagsúil agus na himeachtaí móra eile as seo go ceann 5 lá san ardcathair.


Tá cuid de na seóléimeoirí is fearr agus is aitheanta ar domhain i láthair ag comórtais na bliana seo, an marcach Méiriceánach Jessica Springstein, iníon Bhruce Springstein ina measc.


Beidh 1600 capall páirteach san 168 imeacht eachaíochta.

Is í Ardmhéara Bhaile Átha Cliath an Comhairleoir Caroline Conroy a d'oscail an seó idirnáisiúnta go hoifigiúil níos luaite inniu.

Eagrófar lá na mban ag Seó Capall Bhaile Átha Cliath amárach agus Dé hAoine a reáchtálfar Aga Khan.