Tá fear thart ar 55 bliain d'aois gafa ag na Gardaí i gCill Airne i gContae Chiarraí atá i mbun fiosraithe faoi mharú Miairim Burns.
Tá fiosrú faoi dhúnmharú ar bun ó ard tráthnóna ag na Gardaí ó fuair siad torthaí an scrúdaithe iarbháis ar an mbean a bhí 75 bliain d'aois.
Níl torthaí an scrúdaithe sin á bhfoilsiú ag na Gardaí.
Faoi Alt a 4 den Alt um Cheartas Coiriúil, 1984, atá an fear gafa acu agus é á choinneáil i stáisiún Chill Airne.
Fritheadh corp Miriam Burns ina teach cónaithe in eastát Ard Seanbhuaile ag am lóin inné. Tuigtear go raibh sí gortaithe sa gcloigeann, gortuithe a d'fhág amhras ar na gardaí faoi údar a báis.
Tuigtear go raibh duine muinteartha léi thar sáile ag iarraidh a ghabháil i dteagmháil léi agus nuair nár éirigh leis d'iarr sé ar na comharsana a ghabháil ag an teach, áit ar fritheadh Miriam básaithe.
Creidtear nár facthas í ó thráthnóna Dé hAoine seo caite.
Tá an lá inniu caite ag foireann dlí-eolaíoch na nGardaí ag cíoradh an tí, an ghairdín agus an eastáit, agus i mbun fiosruithe ó dhoras go doras.
Máthair ceathar clainne ab ea í a raibh cónaí le blianta fada uirthi in Ard Seanbhuaile.
Dúirt a cuid comharsana inniu gur duine breá muintearatha agus cabhrach ba ea Miriam agus í an-ghníomhach i gcursaí pobail go háitiúil.
Dúirt an Comhairleoir Dónal O'Grady atá ina chónaí in aice láimhe go raibh aithne le fada aige ar Mhiriam agus gur duine álainn, cuideachtach a bhí inti. Tá an pobal go léir a deir sé thrína chéile faoin scéala.
Dúirt Micheál Ó Gliasáin, iar-chomhairleoir i gCill Airne go raibh an-aithne ar Mhiriam agus ar a muintir ar fud an bhaile agus iad an-bhríomhar i gcumainn éagsúla san áit. Dúirt sé go bhful a bás tubaisteach tar éis an pobal a fhágáil craite, suaite.
In Ospidéal na hOllscoile Ciarraí i dTrá Lí a déanadh an scrudú iar-bháis.
Ina dhiaidh atá sé tugtha le fios ag na Gardaí gur dúnmharú ba chion tsiocair lena bás.
Tá siad ag achainní ar éinne a bhí in eastát Ard Seanbhuaile nó a chonaic aon iompar a chuir amhras orthu sa gceantar sin idir Dé hAoine seo caite agus Dé Luain a ghabháil i dteagmháil leo.
Beidh tuilleadh faoin scéal ag Tomás Ó Mainnín ar Nuacht TG4 @1900